3 Armagh acts make Ulster Scór na nÓg Final

December 15th, 2013 | cultur

3 Armagh acts make Ulster Scór na nÓg Final

Bhí meascán de mhothúcháin ann do na Gaeil as Ard Mhacha a ghlac páirt i gCraobh leathcheannais de Scór na nÓg i nDún Láthaí ar an Satharn seo caite. Bhí curaidh chontae Ard Mhacha san iomaíocht le curaidh chontae ó Chontae an Dúin agus ó Chontae Aontroma i gcomórtas d’ardchaighdeán. Ba iad rinceoirí céilí ó chumann Naomh Cillian ar an Chrois Bhán a leag síos an t-ardchaighdeán d’ionadaithe Ard Mhacha. Bhí Bláthnaid McCaughley ó Chumann De Bhuilbh Tóin agus Naomh Éanna ar an ardán san amhránaíocht aonair, an chéad uair don chlub bheith i gCraobh leathcheannais an chúige le fada an lá. Bhí Tara Ní hAnluain ar an chéad iomaitheoir eile as Ard Mhacha le hionadaíocht a dhéanamh sa chomórtas aithriseoireachta dá chumann, CLG Naomh Pádraig i nDromainn Tí. Bhí an lucht féachana faoi gheasa ag na ceoltóirí óga as an Mhullach Bhán agus tharraing Coilleach Eanach ardmholadh as an nuachleas corraitheach a bhí acu. Ba é grúpa bailéad Dhoire Mhic Cais an chéad dream eile as Ard Mhacha ar an ardán nuair a cheoil deirfiúracha Mhic Eachmhaile Téir Abhaile ‘riú agus Danny Boy. Ba é an comórtas deireanach ar an oíche ná rince seit, ach ar an drochuair ní raibh ionadaí ann as Ard Mhacha sa rannán seo.

Ag deireadh oíche iontach siamsaíochta den scoth, fograíodh na torthaí agus d’éirigh leis na cailíní ón Chrois Bhán, ó Dhoire Mhic Cais agus ó Dhromainn Tí áit a bhaint amach i gCraobh Uladh sa rince foirne, san amhránaíocht aonair agus san aithriseoireacht. Mí-ádh leis an Mhullach Bán, le Coilleach Eanach agus le grúpa bailéad Dhoire Mhic Cais a tharraing ardmholadh do chontae Ard Mhacha ar an oíche. Ba as Contae an Dúine do na buaiteoirí sa cheol uirlise, sa nuachleas, sa ghrúpa bailéad agus sa rince seit. Beidh Craobh Uladh de Scór na nÓg ar siúl i mBéal Átha an Airgid Dé Sathairn 25 Eanáir ar 5pm agus guíonn muid gach rath ar na trí iomaitheoirí as Ard Mhacha. Ádh mór oraibh triúr.

There was a mixed night of fortune for the Armagh Gaels who competed in the Ulster semi-finals of Scór na nÓg in Dunloy on Saturday night past. The Armagh County champions competed against the county champions from Down and Antrim in a very high standard of competition. First up was the céilí dancers from the St Cillian club in Whitecross, who set the standard for the Armagh representatives to follow. Bláthnaid McCaughley sang for the Wolfe Tone and St Enda’s club in Derrymacash, their first appearance in an Ulster Scór semi-final in many years. Tara O’Hanlon was next up to represent her club St Patrick’s Dromintee in the recitation section of the competition. Mullaghbane’s musicians had the audience tapping their feet at their lively tunes and fantastic playing. Cullyhanna were next up with their thought-provoking novelty act A Single Day, which drew great applause from the crowd. The singers of Derrymacash were next up on stage to represent Armagh, with the three McCaughley sisters singing Téir Abhaile ‘riú and Danny Boy. The final competition of the night was set dancing, but unfortunately Armagh had no representatives in this section.

Following a fantastic night’s entertainment, the result were announced with the girls from Whitecross winning a place in the Ulster final for céilí dancing, Derrymacash winning a place in the Ulster final of solo singing and Dromintee winning a place in the Ulster final of recitation. Commiserations to Mullaghbane, Cullyhanna and Derrymacash ballad group who all represented Armagh with great distinction on the evening. The winners of the instrumental music, novelty act, ballad group and set dancing competitions came from County Down. The Ulster final of Scór na nÓg will take place in Silverbridge on Saturday 25 January at 5pm and we wish our three acts the very best of luck in the final. Ádh mór oraibh triúr.

Photos by John Merry

Comments

comments


Simply Fruit
O'Neills Sportswear
Mac Interiors
Linewoods
Lenco