Armagh GAA presents over £10,000 in Gaeltacht Scholarships

June 7th, 2016 | cultur

Armagh GAA presents over £10,000 in Gaeltacht Scholarships

Bhí scaifte breá bailithe isteach sa Pháirc Lúthchleasaíochta, Cathair Ard Mhacha, ag ócáid a reáchtáil Coiste Cultúir CLG Ard Mhacha le scoláireachtaí Gaeltachta a bhronnadh ar dhaoine óga ó chlubanna ar fud an chontae. Dúirt Cathaoirleach CLG Ard Mhacha, Pól Mac Ardail, go raibh sé iontach bródúil an tacaíocht seo a chur ar fáil do bhaill an CLG sa chontae atá ag iarraidh cur lena gcuid Gaeilge agus thréaslaigh sé leis na daoine óga as suim a léiriú inár dteanga dhúchais. Mhol sé an chomhpháirtíocht leis na coláistí Gaeltachta ar nós Gael Linn, Comhaltas Uladh, Loch an Iúir, Choláiste an An Phiarsaigh, Choláiste na bhFiann. Beidh na daoine óga sa phictiúr seo ag dul chuig coláistí samhraidh i nGaeltacht Thír Chonaill agus tá súil againn go léir go mbeidh am ar dóigh acu, go bhfoghlaimeoidh siad neart Gaeilge agus go mbeidh siad sásta an Ghaeilge a úsáid nuair a phillfidh siad ón Ghaeltacht.

Tá ról tábhachtach ag an Ghaeilge sa CLG nó tá sé mar bhunsprioc i dTreoir Oifigiúil an Chumainn go gcuirfear an Ghaeilge chun tosaigh. Tá CLG Ard Mhacha ag déanamh a seacht ndícheall cothrom na féinne a thabhairt dár dteanga féin. Léiríonn rath an imeachta seo go bhfuil muintir an CLG in Ard Mhacha fíorbhródúil as teanga dhúchais na hÉireann.

 

Armagh County Board Chairman, Paul McArdle, presented part-scholarships to young club members from over half the clubs in County Armagh in an event in the Athletic Grounds. He thanked the various colleges and organisations for supporting this important scheme (Foras na Gaeilge, Gael Linn, Comhaltas Uladh, Loch an Iúir, Choláiste an An Phiarsaigh, Choláiste na bhFiann). Paul wished all the boys and girls a successful two or three weeks in the Gaeltacht and hoped that they learned plenty of Irish while having a safe and enjoyable time.

There was a huge increase in the number of applicants this year. The fund was increased to over £10K due to the generosity of all the contributing bodies which includes Armagh GAA clubs, Armagh County Board, Foras na Gaeilge, Gael Linn, Comhaltas Uladh, Coláiste Mhuire Loch an Iúir and Coláiste An Piarsaigh.

Comments

comments


Simply Fruit
O'Neills Sportswear
Mac Interiors
Linewoods
Lenco