Armagh Irish language classes go from strength to strength

November 30th, 2013 | cultur

Armagh Irish language classes go from strength to strength

Armagh GAA are again teaming up with local Irish language organisation CAIRDE Teo to offer the local community an opportunity to learn a few words of our native language or to brush up on their Irish. Three separate intensive Irish language courses will be held in the Athletic Grounds for beginners, intermediate level and advanced learners on Saturday 16 November. The classes, which run from 11am to 4pm, offer local people an opportunity to learn or improve upon their level of spoken Irish in a relaxed and fun environment. The courses have proved extremely popular in the past with people from right across the county attending, as well as learners from as far away as Fermanagh, Drogheda, East Belfast and even Ballycastle. As the Irish language has played a central role in the GAA from its foundation, the Armagh GAA Culture Committee is delighted to support CAIRDE Teo in offering local people the opportunity to learn the first official language of Ireland. The cost of the course is £10, which also includes lunch, and you can book a place in the beginners, intermediate or advanced class by contacting Seán on 028 3751 5229 or sean@cairdeteo.com.

Tá CLG Ard Mhacha i gcomhar le CAIRDE Teo ag tabhairt deise do phobal Ard Mhacha cúpla focal de theanga dhúchais na hÉireann a fhoghlaim nó cur lena bhfuil acu cheana féin. Beidh trí dianchúrsa Gaeilge ar siúl sa Pháirc Lúthchleasa Dé Sathairn 16 Samhain do bhunfhoghlaimeoirí, d’fhoghlaimeoirí meánranga agus ardranga. Bíonn na ranganna ar siúl idir 11am agus 4pm agus tugann siad ardán do dhaoine cur lena Ghaeilge labhartha i suíomh compordach spraíúil. Bhí an-rath ar na cúrsaí a bhí ar siúl roimhe seo agus bhí foghlaimeoirí i láthair ó achan chuid den chontae agus ó áiteanna eile mar Fear Manach, Droichead Átha, Oirthear Bhéal Feirste agus Baile an Chaistil féin. De bhrí go raibh ról lárnach ag an Ghaeilge sa CLG ó bunaíodh é, tá Coiste Cultúir CLG Ard Mhacha iontach sásta tacú le CAIRDE Teo leis an deis a thabhairt do mhuintir Ard Mhacha céad theanga oifigiúil na hÉireann a fhoghlaim. Tá costas £10 ar an chúrsa, le lón san áireamh, agus is féidir áit a chur in áirithe sa bhunrang, sa mheánrang nó san ardrang trí theagmháil a dhéanamh le Seán ar 028 3751 5229 nó sean@cairdeteo.com.

Comments

comments


Simply Fruit
O'Neills Sportswear
Mac Interiors
Linewoods
Lenco