Armagh to Host Free Irish Language Course

August 6th, 2015 | cultur

Armagh to Host Free Irish Language Course

Armagh GAA are joining up with local Irish language organisation Cairde Teo in Armagh city and the Department of Culture’s Líofa project to offer an opportunity to our members across the county to learn our native language and to brush up on their Irish language skills. The Líofa campaign was introduced by Minister for Culture Carál Ní Chuilín and aims to encourage people to sign up to a personal pledge to learn Irish. Intensive Irish courses will be held in the Athletic Grounds from 10am to 4pm on Saturday 5 September for beginners, intermediate and advanced levels. The course on September 5 will be free of charge for those registered for Líofa and there will be an opportunity to sign up to the campaign on the day of the course. Armagh GAA has held similar courses before and they have proven to be extremely popular with learners from throughout Armagh and indeed from across Ulster attending our classes. The classes have also received the backing of a number of our inter-county stars with senior hurlers Simon Doherty  and senior footballers Oisín Mac Íomhair and Aidan Forker attending the classes to brush up on their Irish.  The September course was launched by senior footballer and fluent Irish speaker, Charlie Vernon, along with senior hurler Connor Devlin. For more information or to book a place in one of the classes, contact Seán at pro.armagh@gaa.ie or 028 3751 5229.

Tá CLG Ard Mhacha i gcomhar leis an eagraíocht áitiúil Cairde Teo agus an tionscadal Líofa de chuid na Roinne Cultúir ag tabhairt deise dár mbaill ar fud an chontae ár dteanga dhúchais a fhoghlaim den chéad uair nó cur lena gcumas sa teanga. Thug an tAire Cultúir sna sé chontae Carál Ní Chuilín an feachtas Líofa isteach le daoine a spreagadh clárú le gealltanas pearsanta le Gaeilge a fhoghlaim. Beidh dianchúrsaí Gaeilge ar siúl sa Pháirc Lúthchleasa idir 10am agus 4pm Dé Sathairn 5 Meán Fómhair do thosaitheoirí, d’fhoghlaimeoirí meánleibhéil agus d’fhoghlaimeoirí ardleibhéil. Tá an dianchúrsa seo de chuid Líofa saor in aisce dóibh sin atá cláraithe do Líofa agus beidh deis clárú leis an fheachtas ar lá an chúrsa. Reáchtáil CLG Ard Mhacha dianchúrsaí Gaeilge roimhe seo agus bhí ard-éileamh orthu le foghlaimeoirí ó achan chearn den chontae agus den chúige féin. I measc na ndaltaí atá i ndiaidh freastal ar na ranganna, tá roinnt dár réaltaí idirchontae le cúl báire iománaíochta sinsear Simon Doherty agus peileadóirí sinsear Oisín Mac Íomhair agus Aidan Forker. Is é an peileadóir sinsear agus Gaeilgeoir líofa, Charlie Vernon agus an iománaí sinsear, Connor Devlin, a sheol dianchúrsaí mhí Mheán an Fhómhair. Le tuilleadh eolais a fháil nó le háit a chur in áirithe i gceann ar bith de na ranganna, déan teagmháil le Seán ar pro.armagh@gaa.ie nó 028 3751 5229.

Comments

comments


Simply Fruit
O'Neills Sportswear
Mac Interiors
Linewoods
Lenco