CLG ag Comóradh An Chéid

June 1st, 2016 | cultur

CLG ag Comóradh An Chéid

Edward Joseph Costello from Lurgan was the only known volunteer from County Armagh to die in the Easter Rising in 1916.

Rugadh ar an Lorgain é sa bhliain 1889 d’Edward agus Rose Costello. Tháinig a thuismitheoirí ó Chill Choca, Co. Chill Dara go dtí an Lorgain le bheith ag obair i ngnó teaghlaigh i lár na Lorgan. Ba i ngnó an línéadaigh a d’oibrigh Edward Joseph Costello le Johnston and Allen’s a bhí lonnaithe ar shráid Victoria ar an Lorgain. B’éigean dó an Lorgain a fhágáil sa bhliain 1914. Fuair sé obair mar chléireach ag geallbhróicéir. Chláraigh sé le hArm Cathartha na hÉireann faoi Shéamas Ó Lorcáin agus faoi Shéamas Ó Connghaile sa bhliain 1915.  D’fhilleadh sé go minic ar an Lorgain ag amharc ar a bhean chéile agus ar a pháistí. Ghlac sé páirt in Éirí Amach na Cásca agus scaoileadh sa chloigeann é ar 25 Aibreáin agus fuair sé bás san ospidéal ar Shráid Jarvis. Cuireadh i Reilg Ghlas Naíon é ar 1 Bealtaine 2016. Tá a uaigh i Roinn Naomh Póil DC 30 agus níor ardaíodh cloch chinn thar a uaigh go fóill rud atá brónach go maith.

Another link between county Armagh and 1916 are the fascinating recordings of Fr. Louis O’Kane which are stored in the Cardinal Ó Fiaich Library and Archives in Armagh City and some of which include first hand witness accounts of the events of 1916 rising in Dublin. The recordings include testimonies from Kathleen Clarke, wife of Tom Clarke who was the first signatory of the proclamation. These recordings have been described as the Boston College tapes of their day.

The GAA undoubtedly inspired many men and women in 1916 as it still does today to deepen their love for their country and its culture.

Bhí féin-aitheantas  Gaelach an-láidir go deo sa CLG céad bliain ó shin agus tá go fóill. Tá fochumainn go leor trasna na tíre ainmnithe i gcuimhne ar réabhlóidithe 1916; Na Piarsaigh Óga i gCathair Ard Mhacha anseo agus Na Piarsaigh, Eanach Mór mar shampla.

Mar eagraíocht, níor ghlac an CLG páirt oifigiúil san éirí amach. Chuidigh sé,  áfach, go raibh linn mhór d’fhir óga aclaí a bhí paiseanta faoin tírghrá agus ag a raibh scileanna eagraithe ag go leor acu ón CLG. Sa bhliain 1914 labhair Uachtarán an Chumainn, James Nowlan le scaifte de bhaill CLG i Loch Garman ag impí orthu clárú leis na hÓglaigh. Ó thuaidh bhí tuairiscí ann sa bhliain 1915 go raibh gnáth-imeachtaí CLG curtha go leataobh i gContae Thír Eoghain agus i gContae Dhoire mar gheall ar ghníomhaíochtaí ar son na saoirse.

I mBaile Átha Cliath le linn an Éirí Amach féin meastar go raibh 302 ball den CLG ó 53 club páirteach. I measc na ndaoine mór le rá eile a raibh baint acu leis an tréimhse chorrach sin agus a bhí gníomhach sa CLG  bhí; Harry Boland, Michael Collins agus Thomas Ash. Rinne na Sasanaigh imthreoránú ar Uachtarán an Chumainn James Nowlan ó Chill Chaidhnigh i ndiaidh na Cásca.

One of the many roles held by Pádraig Pearse in the years before his death was that of vice chairman of the inaugural Leinster GAA colleges’ committee.

le Réamonn Ó Ciaráin, Oifigeach Gaeilge/Cultúir CLG Ard Mhacha

Comments

comments


Simply Fruit
O'Neills Sportswear
Mac Interiors
Linewoods
Lenco