Stephen Renaghan Q&A

April 28th, 2015 | Hurling News

Stephen Renaghan Q&A

Stephen Renaghan

Club: Lámh Dhearg, An Céide

Dáta Breithe/DOB: 10/09/1994

Airde/Height: 6ft 1

Meachán/Weight: 12.7st

Onóracha/Honours: Armagh Minor/U21 Football panel, 2012 Ulster Colleges Hurling All-Star award, 2014 GAA/GPA Christy Ring All-Star award, International Hurling/Shinty Panel 2014, Armagh U21 Hurling captain, Feile Na Gael winners medal 2007, Armagh U16 & U18 Hurling League & Championship,  Paddy McCormack Cup, Armagh SHC & JHC, Armagh JFC, Loch an Iúir, Treanor, Casement and Kirk cup medals.   Gairm: Mac léinn
Occupation:Student

Céad chluiche leis an chontae: – 2014 Corn Mhic Eochaidh v Coláiste na Trionóide
Inter County Debut Date: – 2014 Kehoe cup v Trinity Dublin

 

Cén uair a d’imir tú den chéad uair? Leis an chlub agus mé 10 bliain d’aois
When and where did you first play hurling? Started playing for my club when I was 10 on the U-12 team.

 

An chomhairle is fearr a fuair tú: Ná géill go dtí an fheadóg dheiridh, obair go crua ar feadh 60/70 bomaite agus gheobhaidh tú an toradh atá tuillte agat.
Best career advice you were given: Never give up until the final whistle has been blown, work hard for 60/70 minutes and you will get the result you deserve.

 

An scil is tábhachtaí san iomáint: An chéad teagmháil agus léamh an chluiche.
The most important skill in hurling: First touch and your ability to read the game.

 

Cad é a d’athrófá fán chluiche? Riail an bhuntáiste a úsáid níos minice.
What would you like to change about the game? The referees playing the advantage rule more as it is a contact sport.

 

Spórt is fearr taobh amuigh den iomáint: Peil agus Sacar
Favourite sport other than hurling: Gaelic football and Soccer

 

Nuair a bhí mé óg, bhí mé ag iarraidh bheith… i mo shárlaoch nó bhí an-dúil agam i scannáin Marvel.
When I was a child I wanted to be… A superhero as I was obsessed and still am with the Marvel movies.

 

Cuimhne is fearr ar an pháirc imeartha: Ag baint Chraobh Ard Mhacha anuraidh leis an chlub.
Best hurling memory as a player: Winning last year’s Armagh SHC with a great bunch of lads.

 

Cuimhne is fearr taobh amuigh den imirt: Tiobraid Árann ag stopadh na gCat 5 Chraobh i ndiaidh a chéile a bhaint. A leithéid de chluiche!
Best hurling memory outside of playing: When Tipperary prevented the Cats from a historic 5 in a row, epic match!

 

Creid nó ná creid ach tá mé maith ag… Glanadh
You may not know it, but I’m good at… Cleaning

 

An t-imreoir is fearr atá feicthe agat? An rí féin Anraí, an t-imreoir is fearr sa linn seo. Ardmholadh fosta do Risteard Ó hÓgáin anuraidh.
Who is the greatest player you have seen? Has to be King Henry, greatest player in this era. Richie Hogan last year was also brilliant to watch!

 

Cé a cheannófá ar mhargadh na n-aistrithe? Risteard Ó hÓgáin nó Antaine Ó Ceallaigh, ní thig an óige a chloí
If there was a ‘transfer market’ who would you buy? Richie Hogan or Tony Kelly, you can’t beat the youth

 

Ag éisteacht le/Currently listening to: Kygo, Conrad Sewell- Firestone, Galantis- Runaway (U&I) and Calvin Harris

 

An t-aireagán is fearr riamh… iPhone – achan rud tá de dhíth ort

The best invention ever… Has to be the iPhone it has everything you basically need

 

Duine ar mhaith leat bualadh leo: Denzel Washington an t-aisteoir is fearr liom agus Barack Obama as an chumhacht uilig atá aigesean
Person you would most like to meet: Denzel Washington as he is my favourite actor and Barack Obama for the sheer power he possesses

 

Ar oileán mara, cad é a bheadh uait? Bia agus uisce agus an t-idirlíon le h-amharc ar fhíseáin YouTube
Marooned on a desert island what could you not be without? Food and water for physiological needs and the internet to watch videos on YouTube

 

I gceann deich mbliana, tá súil agam… bheith ag imirt liom leis an chlub agus leis an chontae, céim máistreachta agam agus teaghlach agam.
In ten years’ time I hope to be… Still playing for my club and county with a Masters degree in HR and a family.

 

Comments

comments


Simply Fruit
O'Neills Sportswear
Mac Interiors
Linewoods
Lenco